scoláire agus craoltóir Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is scoláire, craoltóir agus ceoltóir Éireannach í Aoibhinn Ní Shúilleabháin.
(2012) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1983 40/41 bliana d'aois Ceathrú na Con, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath - ceadúnach Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath - dochtúireacht |
Áit chónaithe | Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | amhránaí, pearsa raidió, láithreoir teilifíse, matamaiticeoir |
Fostóir | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Uirlis | Ceol gutha |
Teaghlach | |
Páirtí | Ryan Tubridy (2009–2014) |
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Rugadh Aoibhinn sa bhliain 1983. Art agus Máire a tuismitheoirí. Bhí Art ina stiúrthóir ar Ionad Oideachas Mhaigh Eo agus bhí Máire ina leas-phríomhóide i nGaelscoil Chaisleán an Bharraigh.[1] Thainig sí i méadaíocht i gCeathrú na Con i gcontae Mhaigh Eo. Is í Aoibhinn an páiste is sine agus tá cúig deartháireacha aici.[2]Tá Aoibhinn agus deartháireacha s’aici páirteach i gComhaltas Ceoltóirí Éireann.[3]
Fuair Aoibhinn céim san fhisic theoiriciúil sa bhliain 2005 ó Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 2009, rinne Aoibhinn staidéar le haghaidh Ard-Dioplóma san Oideachas ag Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit a d'óstáil sí imeachtaí don Amharclann Eolaíochta. Fuair sí a hArd-Dioplóma chun múineadh ag leibhéal na meánscoile sa bhliain céanna. Fuair sí PhD sa mhata sa bhliain 2016.[4]
Ghlac Aoibhinn páirt sa chomórtas Rós Thrá Lí sa bhliain 2005. Bhuaigh sí an chéad babhta den chomórtas ar an 15ú de Meitheamh 2005 nuair a chan sí ‘Summerfly’.[5]Bhí sí 22 ag an am. Chuir athair Aoibhinn ainm s’aici síos agus ní raibh sí róshásta ar dtús ach chuaigh sí ar aghaidh chun an comortás a bhuachaint.[6]Bhí sí in ainm a bheith ag dul go dtí Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath I mí Deireadh Fomháir an bhliain sin chun Céim Máistir a fháil sa ríomheolaíocht ach d’fhan sí chun a bheith mar iondaí don féile Rós Thrá Lí.[7]
Bhí Aoibhinn mar an príomh-amhránaí de Ragús, banna ceol traidisiúnta a chuaigh sí ar camchuairt le sa bhliain 2007 go Stáit Aontaithe Meiriceá, An tSeapáin agus ar fud na hEorpa.
D’obair sí mar mhúinteoir faoi oiliúint sa mhatamaitic,san fhisic agus sa Ghaeilge I dTamhlacht, Baile Átha Cliath.
Sa bhliain 2007, bhí sí ar an gclár The Panel ar RTÉ a Dó. Ghlac sí páirt I séasúr 2008 de Celebrity Bainisteoir ar RTÉ One, ina raibh sí mar bhainisteoir ar foireann peile ó Kiltimagh. Bhí sí mar láithreoir ar chlár ceol traidisiúnta seachtainiúil darbh ainm The Reel Deal ar RTÉ ar feadh sé eipeasóid ó Meitheamh-Iúil 2009. Bhí sí mar ambassadóir do Sheachtain na Gaeilge I mí Márta 2010. Láithrigh sí clár taistil ar RTÉ darbh ainm Getaways le Joe Lindsay, ach cuireadh Angela Scalon in áit Lindsay. Sa bhliain 2013 fuair sí post mar láithreoir de chlár raidió a bhí ar siúil ar feadh deich sheachtain ar RTÉ Radio 1 darbh ainm Aoibhinn and Company. Láithrigh sí an chlár RTÉ Fleadh Cheoil chomh maith le John Creedon sa bhliain 2014. Tá sí mar ceann de na láithreoir ar an chlár RTÉ The Science Squad ó 2012 chomh le Jonathan Mc Crea agus Kathriona Devereux.[8] Láithríonn sí an clár 10 Things to Know About leo chomh maith, clár a thosaigh sa bhliain 2017.[9]
Rinneadh ciapadh ar Aoibhinn ar feadh dhá bhliain. Bhí Ollamh Hans-Benjamin Braun ag déanamh an ciapadh seo. In airteagal a scríobh an Irish Times dúirt siad go raibh eagla uirthi a bheith léi féin ar an campas agus beagnach stad sí gairm s’aici mar gheall air. Ag deireadh 2019 bhí cás cuairte acu agus fuair siad Ollamh Hans-Benjamin Braun ciontach de ciapadh faoi rionn 10 Gníomh Cionn Neamh-Mharfach in aghaidh an duine 1997. Mar gheall ar seo níl céad ag an ollamh teaglamh a bheith aige le Ní Shuilleabháin ar feadh cúig bliana. Anois tá Ní Shuilleabháin ag caint amach faoi táithí s’aici chun aird a tharraingt ar an ciapadh a tharlaíonn do mná in ollscoileanna. Chuir sí gearán foirméalta isteach tar éis di labhirt le na Gardaí. Ag pointe amháin tiastil an ollamh trasna an chontae chuig Corcaigh chun labhirt le Ní Shuilleabháin nuair fuair sé amach tríd na mean shoisiálta go raibh sí ansin lena chairde. Chuig na Gardaí é amach as an ostán dhá uair. An seachtain roimh bainis s’aici bhí eagla uirthi bhí sí imníoch go tiocfaidh sé chuig an teach. Anois níl post ag Braun san ollscoil agus fuair Aoibhinn leithscéal ón ollscoil mar gheall ar na moille a bhí le gearán s’aici.[10]
Bhí Aoibhinn i gcaidreamh leis an gcraoltóir Éireannach Ryan Tubridy ón mbliain 2009 go dtí 2014. Nuair a scar siad, bhí Tubridy 41 agus bhí sí 29. In 2013, cheannaigh an bheirt acu teach i mBaile na Manach, Baile Átha Claith.[11]
Phós Aoibhinn an grianghrafadóir Carlos Diaz in 2017.[12] Bhí mac acu sa samhradh 2019 agus thug siad an t-ainm Naoise Garcia air.[13] Bhí mac eile acu i nDeireadh Fómhair 2020.[14]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.