André-Marie Ampère
fisiceoir agus matamaiticeoir Francach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Fisiceoir agus matamaiticeoir Francach ab ea André-Marie Ampère (20 Eanáir 1775 – 10 Metheamh 1836). Bhunaigh Ampère (le Faraday) an leictreamaighnéadas.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Rinne Ampère taighde ar leictridinimic agus an gaol idir leictreachas is maighnéadas[1]. Tá aonad an tsrutha leictrigh (SI), an t-aimpéar, ainmnithe as.
D'fhorbair Ampère bealaí chun sruth leictreach a thomhas agus chruthaigh sé dlí sa bhliain 1827 (tugtar an 'Dlí Aimpéir' inniu go minic) le cur síos ar an réimse ciorclach maighnéadach a thimpeallaíonn sreang sruthiompartha. Inniu Tomhastar sruth in aimpéir agus is scálach é.[2]