An tSlóvaic
tír i lár na hEorpa / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tír thalamhiata atá suite i lár na hEorpa is ea an tSlóvaic (Slóvaicis: Slovensko), nó, mar a thugtar uirthi go hoifigiúil, Poblacht na Slóvaice (Slóvaicis: Slovenská republika). Is í an Bhratasláiv an phríomhchathair agus an chathair is mó sa tír. Is iad Poblacht na Seice, an Ostair, an Ungáir, an Pholainn agus an Úcráin na tíortha a roinneann teorann léi. Tá daonra 5 milliún inti agus is é achar an stáit 49,000 km2. Tá an tír ina ball den AE, NATO, OECD, WTO, agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta eile chomh maith.
An tSlóvaic | |||||
---|---|---|---|---|---|
Slovenská republika (sk) | |||||
|
|||||
Aintiún | Nad Tatrou sa blýska | ||||
Mana | «Travel in Slovakia - Good idea» | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | An Bhratasláiv | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 5,449,270 (2021) | ||||
• Dlús | 111.13 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an tSlóvaicis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Oirthear na hEorpa Aontas Eorpach an Eoraip Láir an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch | ||||
Achar dromchla | 49,035 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Morava, An Danóib, Ipoly, Tisza, Poprad, Dunajec, Orava (en) , Białka agus Váh | ||||
Pointe is airde | Gerlachovský štít (en) (2,654 m) | ||||
Pointe is ísle | Bodrog (94 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Poblacht Chónaidhme na Seice agus na Slóvaice agus Slovak Republic (en) | ||||
Cruthú | 14 Márta 1939 1 Eanáir 1993 | ||||
Saoire phoiblí | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Slóvaice | ||||
Comhlacht reachtach | National Council of the Slovak Republic (en) | ||||
• Uachtarán na Slóvaice | Michal Kováč (1993–1998) | ||||
• Príomh-Aire na Slóvaice | Robert Fico (2023–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 118,656,591,909 $ (2021) | ||||
Airgeadra | Euro | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .sk | ||||
Glaochód | +421 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 150, 155 agus 158 | ||||
Cód tíre | SK | ||||
Cód NUTS | SK | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | slovakia.com |
Tháinig na Slavaigh go dtí críocha na Slóvaice idir an 5ú haois agus an 6ú haois. Bhí ceantair éagsúla den tír mar chuid d'Impireacht Samo, den Mhór-Mhoráiv (céad aonad polaitíochta na Slavach), de Ríocht na hUngáire, d'Impireacht Hapsburg, agus den tSeicslóvaic ag amanna difriúla i stair na hEorpa. Bhain sí a neamhspleáchas amach ar an 1 Eanáir 1993, i ndiaidh dhíscaoileadh na Seicslóvaice.