![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/bb/Indus_constellation_map.png/640px-Indus_constellation_map.png&w=640&q=50)
An tIndiach
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas / From Wikipedia, the free encyclopedia
Réaltbhuíon dheisceartach is ea an tIndiach, ceann den dá réaltbhuíon déag a chruthaigh Pieter Dirkszoon Keyser agus Frederick de Houtman idir na blianta 1595 agus 1597 ar son an réalteolaí Phléimeannaigh Petrus Plancius. Thug an réalteolaí amaitéarach Gearmánach Johann Bayer isteach ina léarscáil neamhaí Uranometria é sa bhliain 1603.
Fíricí Gasta Ainm Laidine (IAU), Nod ...
![]() | |
Ainm Laidine (IAU) | Indus |
---|---|
Nod | Ind |
Ginideach Laidine | Indi |
Siombalaíocht | Indiach Meiriceánach |
Dronairde | 21 h |
Diallas | −60° |
Achar | 141 céim cearnach Céim 76ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 0 |
Réalta is gile | α Ind (méid 3.11) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +25° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meán Fómhair an infheictheacht is fearr |
Dún
Ar an léarscáil neamhaí Uranometria de chuid Johann Bayer is mar Indiach-Mheiriceánach a léirítear an réaltbhuíon seo, ach seans ann gurbh iad Indiaigh na hÁise a bhí i gceist ag Keyser agus de Houtman, mar gur san Aigéan Indiach a bhí siad nuair a chruthaigh siad an réaltbhuíon. Cibé an scéal, tugtar Indus mar ainm Laidine air, rud a chiallaíonn "Indiach".