réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí thuaidh From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá an tAra ar cheann de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo; tá sé ar cheann chomh maith de na 48 réaltbhuíon a d'aithin Tolamaes sa dara haois. Is é Auriga an t-ainm Laidine a thugtar air, a chiallaíonn ara.
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −40° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Feabhra an infheictheacht is fearr
Dún
ε Aur: tá an réalta seo ar cheann de na déréaltaí is aistí sa spéir. Is déréalta uraitheach í; tá an tréimhse fhithise 27 bliain ar a fhad, agus maireann gach urú 18 mí nó mar sin. Is ollfhathach leathbhuí, den aicme speictreach F0, an réalta infheicthe, ach tá an compánach dofheicthe de chineál anaithnid.
ζ Aur: is déréalta uraitheach aisteach í seo freisin, dá ngairtear freisin Sadatoni. Tá a tréimhse 972.176 lá ar a fhad. Is ollfhathach flannbhuí an phríomhréalta, den aicme speictreach K4; agus is réalta an phríomhsheichimh an coimhdire, den aicme speictreach B7.
M36, M37, M38: trí réaltbhraisle oscailte mhóra gheala; is féidir na trí cinn a fheiceáil le chéile sa réimse radhairc céanna i bpéire déshúiligh leathanréimse.
NGC 2281: réaltbhraisle oscailte.
NGC 1664: réaltbhraisle oscailte.
NGC 1907: réaltbhraisle oscailte.
IC 405: réaltnéal geal.
Réaltaí a bhfuil ainmneacha dílse orthu:
13/α Aur 0.08: Capella nó Alhajoth nó Alhaior nó Althaiot nó Alhaiset nó Alhatod nó Alhojet nó Alanac nó Alanat nó Alioc
Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.1. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23673-0.