An néaróg lúbach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an néaróg lúbach,[1] ar a dtugtar freisin an néaróg neomaghastrach, an néaróg pharaisimpiteach nó an néaróg chairdiach, an deichiú néaróg chráiniach (Laidin: nervus vagus). Is conair an-tábhachtach í d'uathchóras na néaróg (díleá, ráta croí, srl.) agus rialú luailchéadfach ar na larainge, agus mar sin don fhoghraíocht. Tagann sí síos an muineál, soláthraíonn matáin na larainge is na farainge, téann tríd an tóracs agus isteach sa bholg. Sa tóracs soláthraíonn sí an t-éasafagas, an traicé, na scamhóga, an croí is na fuileadáin mhóra, agus sa bholg soláthraíonn sí an goile, an stéig bheag is cuid den stéig mhór, an paincréas is an t-ae. Déanann sí raon leathan feidhmeanna rialaithe, ina measc laghdú ráta an chroí is spreagadh tál aigéid ghastraigh.[2]
Sonraí | |
---|---|
Laidin | nervus vagus |
Aitheantóirí | |
MeSH | D014630 |
TA | A14.2.01.153 |
FMA | 5731 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
Gray | p.910 |
EB Online | science/vagus-nerve |
Téarmaíocht anatamaíoch |