bolcán san Iodáil From Wikipedia, the free encyclopedia
Is stratabholcán Iodálach é an Veasúiv, nó Sliabh Veasúive (Iodáilis: Monte Vesuvio, Laidin: Mons Vesuvius) atá suite taobh thoir den chathair Napoli. Is cinnte gurb é an Sliabh Veasúiv, i ndeisceart na hIodáile, an bolcán is clúitísan Eoraip.[1]
(it) Vesuvio (en) Monte Vesuvio | ||||
Cineál | Bolcán beo, stratabholcán, díol spéise do thurasóirí agus sliabh | |||
---|---|---|---|---|
Lonnaithe i limistéar cosanta | Vesuvius National Park (en) | |||
Suíomh | ||||
Mór-roinn | an Eoraip | |||
Limistéar riaracháin | Ceannchathair Napoli, An Iodáil agus Cúige Napoli, An Iodáil | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Airde os cionn na farraige | 1,281 m | |||
Starraiceacht thopagrafach | 1,232 m | |||
Déanta as | teifrít | |||
Stair | ||||
Croineolaíocht | ||||
1631 15 Nollaig 1631 (Iúlach)-19 Nollaig 1631 (Iúlach) | Mount Vesuvius eruption of 1631 (en) | |||
1861 | eruption of Mount Vesuvius in 1861 (en) | |||
1944 | eruption of Mount Vesuvius in 1944 (en) | |||
24 Lúnasa 79 | eruption of Mount Vesuvius in 79 (en) | |||
1872 | brúchtadh bolcáin | |||
1906 | Vesuvius eruption of 1906 (en) | |||
Is í an Veasúiv an t-aon bholcán amháin atá suite ar mhórthír na hEorpa (tá Etna agus Stromboli suite ar oileáin), r 1000m os cionn léibheál na farraige.[2]
Bhí brúchtadh cáiliúil sa bhliain AD 79, an ceann a scrios na cathracha Rómhánacha Pompeii agus Herculaneum. Cailleadh idir 10,000 agus 25,000 duine san eachtra seo. Meastar fós go bhfuil sí ar cheann de na bolcáin is baolaí ar domhan, mar tá thart ar trí mhilliún duine ina gcónaí sa cheantar máguaird.
Tharla an brúchtadh is déanaí sa bhliain 1944.
Tá an Veasúiv suanach faoi láthair.
Áit naofa don laoch agus dia Earcail a bhí inti do na sean-Rómhánaigh agus na sean-Ghréigigh, agus tógadh an chathair Herculaneum ag bun an bholcáin mar ómós dó.
Taispeántar an Veasúiv ina shliabh caoin torthúil i múríomhá a aimsíodh i bPompeii, an baile a raibh indán dó a bheith báite ag an sliabh chéanna in AD 79. Léirítear an bolcán coirceogach clúdaithe le crainn agus feictear Bacchus, Dia an Fhíona, ag deimhniú ardchaighdeán na bhfíonchaora ag fás ar thalamh méith an tsléibhe. Tá cuma shéimh ar an léiríú ársa seo – i bhfad níos síochánta ná Veasúiv an lae inniu!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.