réaltbhuíon de chuid an stoidiaca sa leathsféar neamhaí theas From Wikipedia, the free encyclopedia
Is réaltbhuíon an stoidiaca é An Saighdeoir nó Sagittarius, a léirítear go coitianta mar cheinteár agus bogha á rí aige. Sagittarius an t-ainm Laidine ar an réaltbhuíon seo, a chiallaíonn boghdóir. Tá Sagittarius suite idir an Scairp, atá ar an taobh thiar de, agus an Gabhar, atá ar an taobh thoir de. Déanann na réaltaí is gile dá chuid pictiúr so-aitheanta de thaephota.
Nod | Sgr |
---|---|
Ginideach Laidine | Sagittarii |
Siombalaíocht | an Boghdóir |
Dronairde | 19 h |
Diallas | −25° |
Achar | 867 céim cearnach Céim 15ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 5 |
Réalta is gile | Kaus Australis (ε Sgr) (méid 1.9) |
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +55° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa an infheictheacht is fearr |
Tugadh ainm an tSaighdeora fosta ar réaltra a aimsíodh le gairid, Abhacréaltra Éilipseach an tSaighdeora, atá lonnaithe díreach taobh amuigh de Chóras Bhealach na Bó Finne.
Is so-aitheanta an réaltbhuíon seo mar gheall ar an astaireacht dá ngairtear an Taephota. Déanann na réaltaí Kaus Media (δ), Kaus Australis (ε), Ascella (ζ) agus φ Sgr an phríomhchuid den phota; is í Kaus Borealis (λ) an pointe ar bharr an chlaibín; is í Alnasl (γ) rinn an ghob; agus is iad Nunki (σ) agus τ Sgr an chluas.
Ní hí α Sgr, nó Rukbat, an réalta is gile ar an réaltbhuíon seo ar chor ar bith, gan bheith di ach ar méid 4.0.
Is dlúithe Bealach na Bó Finne ar dhul dó tríd an Saighdeoir, óir is anseo atá lár an Réaltra lonnaithe. Dá bhrí sin, is iomaí réaltbhraisle agus réaltnéal atá le fáil ar an Saighdeoir.
Tá scothchosúlacht cipínigh ar an Saighdeoir a bhfuil bogha á rí aige; agus má chuirtear san áireamh réaltaí níos doiléire, is cosúil go bhfuil corp capallach ag an mboghdóir seo. D'aithin na Sean-Ghréagaí a leithéid d'íomhá mar cheinteár, cé gur ionannaigh sibhialtachtaí níos luaithe (na Bablónaigh, mar shampla) leis an dia Pabilsag (a raibh sciatháin agus ceann leoin aige fosta) é.
De réir mhiotaseolaíocht na Gréige, d'ionannaítí an Saighdeoir uaireanta le Céarón, agus é ag díriú a bhogha ar an Scairp, cé go n-ionannaítí Céarón níos minice le réaltbhuíon an Cheinteáir. Uaireanta d'ionannaítí réaltbhuíon na Saighde leis an saighead a scaoil an Saighdeoir.
I measc ionannaithe luatha eile faightear an crothal, a bhfuil scothchosúlacht ag na réaltaí is gile leis má chuirtear go léir san áireamh iad. Mar sin, is cosúil go bhfuil baint éigin ag an Saighdeoir, i dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (go sonrach an Eala, an Lir agus an tIolar)) le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
Ní hionann comhartha astralaíoch an tSaighdeora a nglacann an Domhan Thiar leis agus an réaltbhuíon réalteolaíoch is an comhartha astralaíoch Hiondúch atá ar aon ainm leis. Tá an chéad cheann ar an stoidiaca trópaiceach (22 Samhain 22 - 21 Nollaig) agus tá an dara ceann ar an stoidiaca réaltach (18 Nollaig - 18 Eanáir).
De réir cosmeolaíochtaí áirithe, tá baint éigin ag an Saighdeoir le dúil chlasaiceach na Tine, agus mar sin de aithnítear mar chomhartha na tine é (mar aon leis an Reithe agus an Leon). Tá an Saighdeoir freisin ar cheann de na ceithre chomhartha inathraithe (i dteannta an Chúpla, na Maighdine agus na nIasc). Is é Iúpatar is pláinéad ceannasach leis, agus is é an Cúpla is frithchomhartha polach leis. Is é an Saighdeoir áitreabh Iúpatair.
Baineann gach comhartha astralaíoch le roinn éigin an choirp, agus tuigtear an roinn sin mar ionad a chumhachta. Rialaíonn an Saighdeoir na corróga agus na ceathrúna.
Is é an ceinteár nó an boghdóir a úsáidtear mar shiombail an tSaighdeora is.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.