Rúraíocht
cnuasach seanscéalta Uladh / From Wikipedia, the free encyclopedia
I Miotaseolaíocht na nGael, is cnuasach scéalta laochais na meánaoise é An Rúraíocht, aitheanta tráth mar Scéalaíocht na Craoibhe Deirge/Rua. Ar cheann de na ceithre mórscéalaíochta sa tseanlitríocht na Gaeilge, insítear inti faoi laochra traidisiúnta na nUladh, as oirthir chúige Uladh agus tuaisceart chúige Laighean mar atá anois, go háirithe na contaethe Ard Mhacha, an Dúin agus Lú. De bharr sin, tugtar the Ulster Cycle ar na scéalta as Béarla. Timpeall nó roimh an gcéad aois AD atá na scéalta suite.