From Wikipedia, the free encyclopedia
Is dráma traigéide leis an drámadóir clúiteach Sasanach, William Shakespeare, é An Rí Lir (Béarla: King Lear) a gcreidtear gur scríobhadh é idir 1603 agus 1606. Meastar é a bheith ar cheann dá chuid oibreacha is mó. Tá an dráma Llŷr bunaithe ar fhinscéal Llŷr na Breataine, rí Ceilteach réamh-Rómhánach (tá an focal 'Llŷr' díorthaithe ón Cheiltis choiteann *leros "muir"). Cuirtear é in oiriúint go forleathan ar stáitse agus ar an scáileán, agus pearsa an Rí Lir curtha i ngníomh ag go leor d'aisteoirí saoithiúla an domhain.
The Tragedy of King Lear | |
---|---|
Cineál | saothar drámaíochta agus traigéide |
Údar | William Shakespeare |
Teanga | Béarla |
Dáta a bunaíodh | 1606 |
Seánra | scannán uafáis |
Gníomh | 5 |
Dáta foilsithe | 1608 |
Personatges | |
Carachtair | Lear (en) , Goneril (en) , Regan (en) , Cordelia (en) agus Edmund (en) |
Céadléiriú | |
Céadléiriú | 1606 |
Amharclann | Pálás Whitehall |
Eile | |
Aitheantóir Theatricalia | y agus 96 |
|
Tá dhá leagan ar leith den dráma ann: The True Chronicle of the History of the Life and Death of King Lear and His Three Daughters, a tháinig amach i bhformáid 'in-quatro' sa bhliain 1608, agus The Tragedy of King Lear leagan atá níos fearr don amharclann, a tháinig amach sa Chéad Fhóilió sa bhliain 1623. De ghnáth, clóbhuailtear an dá théacs i leagan cónaidhmithe, cé go n-áitíonn an-chuid d'eagarthóirí na linne seo go bhfuil a shláine féin ag na leagain éagsúla.[1]
Tar éis na hAthghairme is minic go raibh an dráma athraithe ag cleachtóirí amharclainne, toisc nár thathain a bhéim dhúlagair dhorcha leo, ach ón 19ú haois ar aghaidh, amharctar air mar cheann de sáréachtaí Shakespeare. Tá an tragóid seo aitheanta ach go háirithe faoi a thóraíocht doimhneachta agus a bhreithnithe ar nádúr na fulaingthe agus an ghaoil daonna.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.