From Wikipedia, the free encyclopedia
Téarma is ea an Nualiobrálachas a bhí in úsáid ó na 1970idí agus na 1980idí ag scoláirí i réimse leathan na n-eolaíochtaí sóisialta agus ag léirmheastóirí [1] go príomha agus iad ag tagairt d'athbheochan smaointe an 19ú haois a bhaineann le liobrálachas eacnamaíoch laissez-faire[2].
Bíonn lucht tacaíochta an liobrálachais eacnamaíoch i bhfabhar polasaithe forleathana liobrálaithe, a leithéid agus príobháidiú, beartas déine fioscach, dírialáil, an tsaorthrádáil, agus laghdú ar chaiteachas an rialtais chun feabhas a chur ar ról na hearnála príobháidí sa gheilleagar.[3] Bhíonn an nualiobrálachas ceangailte leis na beartais eacnamaíocha a thug Margaret Thatcher sa Ríocht Aontaithe agus Ronald Reagan sna Stáit Aontaithe isteach.
De réir roinnt acadóirí ba é cur i bhfeidhm na mbeartas nualiobrálaithe agus an glacadh le teoiricí eacnamaíochta nualiobrálaithe sna 1970idí bunchúis an airgeadraithe, agus leis an ngéarchéim airgeadais 2007-08 mar cheann de na torthaí deiridh. D'athraigh sainmhíniú agus úsáid an téarma[4] le himeacht ama.
Ar dtús ba fhealsúnacht eacnamaíoch í tháinig chun cinn i measc scoláirí liobrálacha Eorpacha sna 1930idí ar mhaithe lena n-iarracht 'An Tríú' nó 'An Meán Slí' , ar a dtugtar air, idir na fealsúnachtaí nach raibh ag teacht le chéile; sé sin le rá idir an liobrálachas clasaiceach agus an phleanáil eacnamaíoch Shóisialach.[5]
Spreag an fonn chun teipeanna eacnamaíocha na luath 1930idí a sheachaint an fhorbairt seo. Chuir na nualiobrálaigh ach go háirithe an locht ar bheartas eacnamaíoch an liobrálachais clasaicigh i gcomhair na na dteipeanna eacnamaíochta.
Sna blianta ina dhiaidh sin, ba ghnáth gur úsáideadh an téarma 'nualiobrálach' chun tagairt a dhéanamh do teoiricí a bhí ag teacht salach ar teoiricí níos laissez-faire an liobrálachais clasaicigh, agus chuir sé chun tosaigh ina ionad an geilleagar margaidh faoi threoir agus rialacha stáit láidir, múnla ar a dtabharfar an geilleagar sóisialta margaidh.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.