An Mheaspatáim
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tagraíonn an t-ainm an Mheaspatáím, Mesopotamia, ón Sean-Ghréigis Μεσοποταμία, "idir na haibhneacha", do réigiún i gcóras aibhneacha an Tigris agus an Euphrates. Is ionann an Mheaspatáim agus an Iaráic,[1] chomh maith le cuid d'oirthuaisceart na Siria, oirdheisceart na Tuirce[1] agus iardheisceart na hIaráine.[2][3] Úsáidtear an téarma bilád al-rafidain, "tír an dá bhruach", in Araibis ó am go chéile mar mhalairt ainm don Iaráic.