An Gúm
foilsitheoir Éireannach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is comhlacht de chuid rialtas na hÉireann é An Gúm, atá ceaptha le leabhair as Gaeilge a fhoilsiú, go háirithe áiseanna oideachais. Is é an foilsitheoir leabhar Gaeilge is mó sa tír.
Fíricí Gasta Sonraí, Cineál ...
Sonraí | |
---|---|
Cineál | foilsitheoir |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1925 |
Bunaitheoir(í) | Rialtais na hÉireann |
Suíomh gréasáin | http://www.forasnagaeilge.ie/about/an-gum/mission-history-areas-work/?lang=en |
Dún
An leabhar is cáiliúla a d'fhoilsigh sé ná an Foclóir Póca, ar bhain, nó a mbaineann, beagnach gach dalta scoile in Éirinn úsáid as. Is iomaí foclóir eile a tháinig ón nGúm, áfach, ar nós foclóirí Néill Uí Dhónaill (Foclóir Gaeilge-Béarla) agus Thomáis de Bhaldraithe. Thairis sin, bíonn an Gúm ag foilsiú leaganacha nua de leabhair Ghaeilge na bhfichidí agus na dtríochaidí.