An Dá Aspal Déag
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa Chríostaíocht, tugtar an Dá Aspal Déag (nó an Dáréag Aspal, Sean-Ghréigis: ἀπόστολος apostolos, an té atá seolta mar theachtaire) ar na misinéirí a roghnaigh Íosa Críost chun an Eaglais Chríostaí a bhunú agus an Dea-scéala a scaipeadh.
Go traidisiúnta, sin iad Peadar, Aindrias, Séamas Mór, Séamas Beag, Eoin, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Tadáias, Síomón, agus Iúdás Isceiriót.