An Chúlóg
ionad daonra i gContae Bhaile Átha Cliath / From Wikipedia, the free encyclopedia
An Chúlóg[1] (le ciall "The Little Corner" as Béarla) Is limistéar fo-uirbeach mór é, dírithe ar sráidbhaile, Is bruachbhaile mór i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath í An Chúlóg (Béarla: Coolock). Bunaíodh séipéal ann sa luath-Chríostaíocht agus forbraíodh an sráidbhaile timpeall an tséipéil sin. Ba shráidbhaile í an Chúlóg go dtí na 1950í nuair a tosaíodh le tógáil tithíochta sa cheantar mar chuid de leathnú bhruachbhailte Bhaile Átha Cliath. Tá tionscalaíocht na háite faoi bhrú faoi láthair le dúnadh mhonarcha Tayto sa bhliain 2005. Tá clubtheach an club CLG Parnells lonnaithe i sráidbhaile na Cúlóige.
An Chúlóg | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Iar-eintiteas críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | ||||
Údarás áitiúil | Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Airde | 38 m | ||||
Logainm.ie | 17531 |
Bíonn an paróiste dlí na Cúlóige suite idir Bóthar Tóin le Gaoith (chomh fada le Domhnach Míde) agus Bóthar Mhullach Íde, mar aon leis na tailte ar an dá thaobh den Bhóthar Mhullach Íde idir Darndál agus Ard Aidhin, agus na tailte ar an dá thaobh de Bhóthar Oscair Mhic Thréinfhir ar an mbealach chun Seantrabh.
Is é An Chúlóg freisin, ainm an bharúntachta atá freagrach as an chuid is mó de chathair Bhaile Átha Cliath ó thuaidh, ó chósta isteach go dtí Páirc an Fhionnuisce, agus ag síneadh ó thuaidh chomh fada le Sord.