An Bhoirinn
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceantar in iarthuaisceart Chontae an Chláir í an Bhoirinn[1] (litriú malartach an Bhoireann). Tá sí 300 ciliméadar cearnaithe ar leithead. Tá cáil ar an dúiche mar gur d'aolchloch maol atá sí déanta don chuid is mó. Tá sé seo i bhfoirm carst, agus é gaolta leis na leaca aolchloiche in Oileáin Árann amach ó chósta na Boirne. Ciallaíonn an focal boireann tírdhreach clochach, carstach. Tá saibhreas dúlra sa Bhoirinn, agus plandaí na Meánmhara, Na nAlp agus an Artaigh ann nach bhfaightear in aon cheantar eile in Éirinn.
Fíricí Gasta Cineál, Logainm.ie ...
Cineál | Réigiún nádúrtha agus limistéar faoi chosaint | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 1165549 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Contae an Chláir, Éire | |||
| ||||
Tréithe | ||||
Suíomh Oidhreachta Domhanda sealadach | ||||
Am | 4 Lúnasa 2010 | |||
Aitheantóir | 5522 | |||
Dún
Tá pluaiseanna an Aill Bhuí sa cheantar, agus tagann na mílte chuile bhliain ar cuairt orthu.