From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír atá suite san Áise Theas í an Bhanglaidéis, nó Daonphoblacht na Bangladéise.[1] Tá teorainn mhór aici leis an India, agus teorainn bheag le Maenmar san oirdheisceart. Tá Bá Bheangál sa deisceart. Is é Dhaka an phríomhchathair.
An Bhanglaidéis | |||||
---|---|---|---|---|---|
গণপ্রজাতন্ত্রী বাংলাদেশ (bn) বাংলাদেশ (bn) | |||||
|
|||||
Aintiún | Amar Sonar Bangla | ||||
Mana | «Beautiful Bangladesh» | ||||
Siombail oifigiúil | Nymphaea nouchali | ||||
Ainmnithe in ómós | Beangáilis | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Dhaka | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 169,356,251 (2021) | ||||
• Dlús | 1,147.63 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | Beangáilis | ||||
Reiligiún | Ioslam, an Hiondúchas, an Búdachas agus an Chríostaíocht | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | an Áise Theas | ||||
Achar dromchla | 147,570 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Bá Bheangál | ||||
Pointe is airde | Mowdok tiang (en) (1,054 m) | ||||
Pointe is ísle | Bá Bheangál (0 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 26 Márta 1971 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | Westminster system (en) agus poblacht pharlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na Banglaidéise | ||||
Comhlacht reachtach | Jatiya Sangsad (en) | ||||
• President of Bangladesh (en) | Syed Nazrul Islam (1971–1972) | ||||
• Príomh-Aire na Banglaidéise | Muhammad Yunus (en) (2024–) | ||||
Údarás breithiúnach is airde | Cúirt Uachtarach na Banglaidéise | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 416,264,802,185 $ (2021) | ||||
Airgeadra | taka na Banglaidéise | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .bd agus .বাংলা (en) | ||||
Glaochód | +880 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 999 | ||||
Cód tíre | BD | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | bangladesh.gov.bd | ||||
Tá an tír suite sa réigiún Beangál. Is grúpa eitneach Áiseach iad na Beangálaigh. Is í an Bheangáilis a bpríomhtheanga.
Tá an Bhanglaidéis ar cheann de na tíortha is mó ar domhan atá i gcontúirt mar gheall ar an athrú aeráide ó tá beagnach 75% den tír faoi leibhéal na mara.[2]
An Phacastáin Thoir an t-ainm a bhíodh ar an mBanglaidéis tráth. In 1971, d’athraigh sé go dtí an Bhanglaidéis nuair a roinn an dá chuid den Phacastáin tar éis cogadh dian.[3]
Sa bhliain 1974, bhí an daonra sa Bhanglaidéis ag 75 milliún. In 2022, bhí beagnach 170 milliún ina gcónaí sa tír.[4]
Tá dlús mór daonra ann anois, a lán daoine ina gcónaí i dtír atá beag go leor, tír nach bhfuil ach a dhá oiread méid na hÉireann.
De réir na Náisiún Aontaithe, tá na Róihinsí ar cheann de na pobail is mó faoi chois ar domhan. Tá siad ag brath go mór anois sa Bhanglaidéis ar chúnamh dhaonnúil cosúil le bia agus bunriachtanais eile an tsaoil, tar éis dóibh an teorainn a thrasnú chun dídean a lorg. Tá thart ar 1,000,000 teifeach sa Bhanglaidéis in 2023, a mheastar.[5]
Toisc go luíonn an Bhanglaidéis go híseal, bíonn go leor tuilte inti agus déantar go leor damáiste ar na cóstaí, áit a gcónaíonn na daoine is boichte.[3]
Tá an tír á mhilleadh ag an athrú aeráide.
Tugtar An Réimeas Briotanach (Béarla: The British Raj) (Hiondústáinis: राज, راج, rāj nó go litriúil "Réimeas") ar an dtréimhse ama ina raibh forlámhas coilíneach na Breataine i bhfeidhm ar fho-ilchríoch na hIndia idir 1858 agus 1947. Áirítear an réigiún ar a dtugtar go coitianta 'An India' in úsáid chomhaimseartha, na fearainn a bhí riartha go díreach ag an Ríocht Aontaithe, mar aon leis na stáit ríoga a rialaigh rialtóirí aonair faoi cheannasaíocht Corónach na Breataine.
Bhí gorta sa Bheangáil sna 1940idí déanacha. Fuair na milliúin bás in oirthear na hIndia is an Bheangáil Thoir (an Bhanglaidéis anois) leis an seargadh ríse. Tá an galar sin annamh anois mar gur tugadh isteach saghsanna frithsheasmhacha.
Cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm ar an réigiúin sa bhliain 1947, nuair a tháinig deireadh leis an Réimeas Briotanach agus nuair a bunaíodh an Phacastáin agus an India, na tíortha chomharbais.
Roghnaíodh an 21 Feabhra an Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheangacha a cheiliúradh, in ómós na mac léinn a maraíodh agus iad ag agóidíocht ar son a dteanga dhúchais, Bangla, sa Bhanglaidéis i 1952.[6]
Ar 12 Samhain 1970, bhuail Cioclón Bhola an tír, cioclón fíordhíobhálach. Maraíodh 300,000 ar a laghad, 500,000 b'fhéidir. Idir 1971 agus 2020, maraíodh 779,324 eile de bharr na drochaimsire.[7] Bhí polasaí "laissez-faire"[8] ag an Phacastáin Thiar ag an am, agus chuir sé seo le báiní iad a bhí ina gcónaí sa Bhanglaidéis. Ní raibh fóirithint ar bith le fáil, ná cúnamh forbartha idirnáisiúnta ag an am.[9] Tharla réabhlóid an bhliain dár gcionn.[10]
Ar an 26 Márta 1971, thosaigh an oibríocht mhíleata "solas cuardaigh". D'ionsaigh an Phacastáin Thiar na náisiúnaithe sa Bhanglaidéis. Tharla cinedhíothú.[11] Dúnmharaíodh go barbartha 300-500,000 (3 milliún a deir an rialtas inniu).[12]
Bhain an Phacastáin Thoir neamhspleáchas amach ó Phacastáin Thiar i mí Nollag 1971. Tugadh "an Bhanglaidéis" ar an tír nua ag an am sin.
Bhuail Cioclón Gorky an tír sa bhliain 1991. Maraíodh 138,866, ar a laghad.
Sa Bhanglaidéis a tháirgtear cuid mhaith de na hearraí faisin a choinníonn siopaí in iarthar an domhain ar oscailt. Agus cuireadh 2 mhilliún duine as obair láithreach sa Bhanglaidéis sa bhliain 2020 nuair a dhún 1,000 monarcha faisin i bhfíorthús na géarchéime COVID-19.[13] Bhí na gcéadta milliún euro d’orduithe curtha ar ceal, ag brandaí, dearthóirí agus siopaí móra an domhain, a d’fhág oibrithe bochta na Banglaidéise i gcruachás ceart.[14] Agus is oibrithe bochta iad lucht oibre na monarchana faisin ansin fiú agus iad ag obair – ní shaothraíonn siad ach thart ar 500 Takas (€5) in aghaidh an lae.
Tá 10 milliún Banglaidéiseach ar imirce ar fud an domhain agus bítear ag brath go mór ar an airgead a chuireann siadsan abhaile. Ach thit na síntiúis sin go mór nuair a fágadh na himircigh iad féin as obair le linn na paindéime Covid-19.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.