An Asarbaiseáin (tír)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Poblacht iar-Shóivéadach is ea an Asarbaiseáin, nó Poblacht na hAsarbaiseáine (Asarbaiseáinis: Azərbaycan Respublikası). Tugtar "Tír na Síor-Thine" ar an Asarbaiseáin, ós rud é go bhfuil sí saibhir in artola. Tá sí suite idir an Iaráin, an Rúis, an Airméin agus an tSeoirsia. Tá cuid den Asarbaiseáin, mar atá, Nakhchivan nó Naxçıvan, dealaithe ón gcuid eile den phoblacht ag an Airméin. Tá Naxçıvan ag críochantacht go díreach leis an Tuirc.
An Asarbaiseáin | |||||
---|---|---|---|---|---|
Azərbaycan Respublikası (az) Azərbaycan (az) | |||||
|
|||||
Aintiún | Azərbaycan marşı | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Bakı | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 10,145,212 (2021) | ||||
• Dlús | 117.15 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an Asarbaiseáinis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | réigiún Chugais stáit iar-Shóivéadacha | ||||
Achar dromchla | 86,600 km² | ||||
Pointe is airde | Mount Bazardüzü (en) (4,466 m) | ||||
Pointe is ísle | Muir Chaisp (−28 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Poblacht Shóivéadach Shóisialach na hAsarbaiseáine agus An tAontas Sóivéadach | ||||
Cruthú | 1991 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht, stát aonadach agus semi-presidential system (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Náisiúnta na hAsarbaiseáine | ||||
• Uachtarán Phoblacht na hAsarbaiseáine | Ilham Aliyev (2003–) | ||||
• Príomh-Aire na hAsarbaiseáine | Ali Asadov (2018–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 54,825,411,765 $ (2021) | ||||
Airgeadra | manat na hAsarbaiseáine | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .az | ||||
Glaochód | +994 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 101, 102 agus 103 | ||||
Cód tíre | AZ | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | mfa.gov.az… | ||||
Moslamaigh Shítheacha is ea na hAsarbaiseánaigh, agus is í an Asarbaiseáinis teanga oifigiúil na tíre.[1] Tá gaol dlúth aici leis an Tuircis, agus is féidir leis na Turcaigh an chuid is mó den teanga a thuiscint.[2] Labhraítear an teanga chéanna in iarthuaisceart na hIaráine freisin, in Asarbaiseáin na hIaráine.
Tá limistéar mór suite idir an Airméin agus an Asarbaiseáin, mar atá, Sléibhte Karabagh, arb Airméanaigh iad formhór mór a dhaonra. Ba leis an Asarbaiseáin an limistéar seo, go dtí gur tháinig deireadh leis an Aontas Sóivéadach, ach ansin, thosaigh na hAirméanaigh áitiúla ag cur cogaidh le cuidiú ón Airméin féin chun neamhspleáchas a bhaint amach ón Asarbaiseáin agus an limistéar a chur leis an gcuid eile den Airméin. Níl ceist Karabagh fuascailte go fóill, cé go bhfuil sos cogaidh i bhfeidhm idir an dá stát inniu.[3]