An Aramais
teanga Sheimíteach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Teanga Sheimíteach is ea an Aramais a dtéann a stair trí mhíle bliain siar. I rith na staire seo, bhí úsáid á baint as an Aramais mar theanga oifigiúil in impireachtaí agus mar theanga naofa i reiligiúin éagsúla. Cé go bhfuil an chuid is mó den tSean-Tiomna scríofa as Eabhrais, breacadh cuid mhór de leabhartha Dainéil agus Eazrá síos sa teanga seo. Creidtear gurbh í an Aramais a bhí á labhairt ag Íosa Críost féin ó dhúchas, nó san am sin, bhí sí tagtha in áit na hEabhraise mar phríomhtheanga labhartha sa Phalaistín. Úsáidtear Aramais sa Talmúd freisin.
Fíricí Gasta ܠܫܢܐ ܐܪܡܝܐ, Cineál ...
ܠܫܢܐ ܐܪܡܝܐ | |
---|---|
Cineál | genetic unit (en) |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 445,000 |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Afra-Áiseacha teangacha Seimíteacha West Semitic (en) Central Semitic (en) Northwest Semitic (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | Aramaic alphabet (en) |
Staidéar ag | Aramaic studies (en) |
Cóid | |
Glottolog | aram1259 |
Linguasphere | 12-AAA |
Dún