Abhainn in oirthuaisceart na hÁise is ea an Amur (Rúisis: река́ Аму́р; Sínis: 黑龙江, Hēi Lóngjiāng, nó "abhainn an dragain dhuibh"). An 10ú habhainn is faide ar domhan atá inti agus í ina teorainn idir Cianoirthear na Rúise agus an Mhanchúir, in oirthuaisceart Dhaonphoblacht na Síne ar feadh cuid mhór dá chúrsa. Tá an Amur 2,824 km (1,755 míle slí ar fhad).

Fíricí Gasta
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachAmur
Dún
Bruach an Amur ag Khabarovsk

Éiríonn an Amur i measc na gcnoc in iarthar na Manchúire ag an áit a dtagann na haibhneacha Shika agus Ergune le chéile, 303 méadar (994 troigh) os cionn leibhéal na farraige. Sníonn an Amur feadh na teorann idir an Rúis agus an tSín, soir ar dtús, ansin soir ó dheas ag déanamh stua mór ar feadh 400 km (250 míle). Ansin leanann sí ar aghaidh soir ó thuaidh go sroicheann sí Caolas na Tartaire, idir Muir na Seapáine agus Muir Ocatsc.

Radharc ar an Amur in Khabarovsk Krai

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.