Amfaból
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é is amfaból ann ná ball ar bith de ghrúpa mianraí sileacáite hiodrúla, atá an-choimpléascach ó thaobh ceimice de, ach a bhfuil sainchomhartha struchtúrtha déshlabhra teitrihéadrán SiO4 iontu, agus iarann, maignéisiam, cailciam, sóidiam is alúmanam i láthair i measc na slabhraí. Faightear go forleathan iad i gcarraigeacha doigheartha is meiteamorfacha. I measc na bhfoirmeacha coitianta tá cornbhleind, achtainilít is treimilít. Tá foirmeacha snáithíneacha ann freisin a rangaítear le grúpa mianraí aispeiste.[1]
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/3/33/Tremolite-121232.jpg/320px-Tremolite-121232.jpg)