scríbhneoir Iodálach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is scríbhneoir mór le rá de chuid na hIodáile é Alessandro Baricco (Rugadh 25 Eanáir, 1958 in Torino, Piedmonte). Tá a chuid úrscéalta aistrithe i neart teangacha agus rath mór air go háirithe san Iodáil agus san Fhrainc. Tá cónaí air in Torino lena chailín agus a bheirt chlainne. Ag tús 2022 roinn sé leis an saol go bhfuil leoicéime air.
(2010) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Eanáir 1958 66 bliana d'aois Torino, An Iodáil |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Torino |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, úrscéalaí, scríbhneoir scripte, léirmheastóir liteartha, pearsa raidió, ceoleolaí, láithreoir teilifíse, drámadóir, iriseoir, stiúrthóir scannán |
Fostóir | La Repubblica |
Teangacha | An Iodáilis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
|
Tar éis dó céimeanna ollscoile a bhaint amach i bhfealsúnacht agus i gceol, scríobh sé altanna smaointiúla ar cheol: Il genio in fuga (1988) faoi Gioachino Rossini agus L'anima di Hegel e le mucche di Wisconsin (1992) faoin mbaint idir ceol agus an saol comhaimseartha. Ansin bhí sé ina léirmheastóir ceoil do La Repubblica agus La Stampa agus ina láithreoir de chlár ceoil ar Rai Tre.
Luigh sé isteach leis an scríbhneoireacht cruthaitheach ansin agus tá neart leabhar foilsithe aige ó shin, eatartha Síoda, Novecento agus Senza Sangue. Tá samhlaíocht, clisteacht agus comhbhá leis an duine daonna le braith ina chuid scríbhneoireachta agus in ainneoin gur úrscéalta cuíosach gearra atá scríte aige den chuid is mó, tá cumhacht litríochta ag baint leo.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.