![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/af/Endothelial_dysfunction_Atherosclerosis.png/640px-Endothelial_dysfunction_Atherosclerosis.png&w=640&q=50)
Aitéiriscléaróis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Deascadh neamhrialta saille (colaistéaról is tríghlicrídí go príomha) is ábhar eile ar bhallaí inmheánacha artairí. Feictear é mar phaistí ardaithe glana soiléire bánbhuí. Tarlaíonn coilm leis na paistí is caolaítear cró an fhuileadáin atá i gceist. Mar thoradh, bíonn claonadh ann roimh ré téachtán fola a chruthú ag ionad an aitéaróma seo. Is féidir go dtarlóidh sé seo in artaire ar bith, ach tarlaíonn sé go minic san aorta is na hartairí caratacha is ceirbreacha a sholáthraíonn an inchinn, agus na hartairí corónacha a sholáthraíonn matáin an chroí féin. Tarlaíonn an neamhord níos minice le haois, is braitheann na hiarmhairtí don tsláinte ar an bhfuileadán ina dtarlaíonn sé. Tarlaíonn aingíne chléibh más in artaire corónach a tharlaíonn an neamhord, stróc más in artaire ceirbreach é, agus morgadh b'fhéidir más artaire do ghéag íochtarach a bhíonn i gceist. I measc na bhfachtóirí a chuireann bun le haitéiriscléaróis, tá ionghabháil ard saille sa chothú (saill sháithithe go háirithe), brú ard fola (hipirtheannas), raimhre is easpa aclaíochta.[1]
![]() ![]() | |
Cineál | arteriosclerotic cardiovascular disease (en) ![]() ![]() |
---|---|
Speisialtacht leighis | cairdeolaíocht ![]() |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | atheroma (en) ![]() ![]() |
Cógais | |
Pataigineas | |
Cúis ghéiniteach | GRM8, RYR3, MAST4, ABI2 agus DNAH5 ![]() |
Aicmiú | |
ICD-10 | I70 agus I25.1 ![]() |
ICD-9 | 440 ![]() |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 1039 ![]() |
MedlinePlus | 000171 ![]() |
eMedicine | 1950759 ![]() |
Patient UK | atherosclerosis ![]() |
MeSH | D050197 ![]() |
UMLS CUI | C0004153 ![]() |
DOID | DOID:1936 ![]() |