Aispeist
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is aispeist ann ná ainm a thugtar ar raon mianraí snáithíneacha as an ngrúpa nathairíneach is an grúpa amfabólach. Is féidir na snáithíní a scaradh amach is a fhí ina n-éadach nó a fheiltiú ina leatháin. Inslitheoir maith teirmeach is leictreach, nach ndónn, atá frithsheasmhach i gcoinne ionsaí cheimicigh. Is iad na cineálacha a úsáidtear sa déantúsaíocht ná crisilít (aispeist bhán) ar ábhar nathairíneach í, agus croicidilít (aispeist ghorm) ar amfaból í. Baintear feidhm as amaisít (aispeist dhonn) freisin. Cuireann gach cineál aispeiste tús le haispeastóis, agus is carcanaiginí iad croicidilít is amaisít, is b'fhéidir crisilít. Mar sin, tá bac nó páirtbhac ar a n-úsáid i gcuid mhaith tíortha.
Fíricí Gasta Aicmiú, Catagóir ...
Dún
Fíricí Gasta
Aispeist | |
---|---|
Catagóir | Mianra |
Ceimic | Dé-ocsaíd shilice SiO2 |
Dath | Glas, dearg, buí, bán, liath, gorm |
Líne (mianreolaíocht) | Bán |
Criostalghnás | Tríogánach |
Briseadh | Snáithíneach |
Scála Mohs | 2.5–6.0 |
Athraonadh solais | 1.53–1.72 |
Dé-athraontas | 0.008 |
Easrán | 0,013 |
Dún