Aicmiú eolaíoch
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is aicmiú bitheolaíoch, nó aicmiú eolaíoch sa bhitheolaíocht ann, ná modh eolaíoch chun orgánaigh a rangú i ngrúpaí, mar shampla géineas nó speiceas, de réir na gcosúlachtaí struchtúrtha agus feidhme a bhíonn eatarthu. Tugtar “tacsóin” (uatha: tacsón) ar ghrúpaí mar seo agus an tacsanomaíocht a thugtar ar an chineál bitheolaíochta a phléann le haicmiú ar orgánaigh sa nádúr.
![Ocht gcéim na haicmiúcháin bhitheolaíochta.](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/ga/thumb/e/e8/Rang%C3%BA.png/180px-Rang%C3%BA.png)
Sa lá atá inniu ann, tá aicmiú na n-orgánach fréamhaithe in obair an luibheolaí Sulannach Carolus Linnaeus, a rangaigh speicis de réir comhthréithe fisiciúla. Tá athbhreithniú déanta ó shin, ar na grúpálacha seo chun a gcomhsheasmhacht a fheabhsú, ionas go mbeadh siad i gcomhréir le prionsabal Darwin, sé sin le rá 'gur shíolraigh na speicis go léir ó shinsearacha coiteann éigin'. Le teacht isteach an mhodha chladistice, ag deireadh an 20ú haois, thosaigh an tacsanomaíocht fhíliginiteach ag éirí coitianta i roinnt réimsí de chuid na bitheolaíochta, ina ngrúpáiltear orgánaigh de réir a n-gaolmhaireacht amháin, bunaithe ar thátal éabhlóideach, gan aird a thabhairt ar chosúlacht mhoirfeolaíochta. Thiomáin an fhíligéineolaíocht mhóilíneach, a úsáideann seichimh NAD mar shonraí, go leor leasuithe le déanaí, agus is dócha go leanfaidh sin ar aghaidh. Baineann an t-aicmiú bitheolaíoch le heolaíochta na córasaíochta bitheolaíocha.