Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá san Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta (AIF) (Béarla: International Phonetic Alphabet, nó IPA) ná córas scríofa atá coitianta sa teangeolaíocht. Cé go bhfuil ceangal soiléir leis an aibítir Rómhánach, is rud eile ar fad é. Chruthaigh an Cumann Idirnáisiúnta Foghraíochta an córas sa 19ú haois. Úsáideann teangeolaithe, múinteoirí teangacha, foclóirí, agus teiripeoirí urlabhra ar fud an domhain an córas seo.
Fíricí Gasta Cineál, Cruthaitheoir ...
Cineál | aibítir na foghraíochta |
---|---|
Cruthaitheoir | Alexander John Ellis, Henry Sweet agus Daniel Jones |
Cruthú | Lúnasa 1888 |
Bunaithe ar | an aibítir Róimheach, aibítir Laidineach agus an aibítir Ghréagach |
Aimsitheoir | Otto Jespersen () |
Stair | stair na hAibítre Idirnáisiúnta Foghraíochta |
Suíomh gréasáin | Suíomh gréasáin oifigiúil |
Dún
Taispeánann an aibítir an teanga labhartha agus conas a fhuaimníonn sé. Tá siombail amháin ag baint le gach fuaim. Is féidir é a úsáid do gach teanga ar domhan. Mar sin, má bhfuil an aibítir ar eolas agat, is féidir leat aon teanga a fhuaimniú.