aibítir From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an aibítir Choireallach (nó an aibítir Chirileach) an aibítir ina scríobhtar sé theanga náisiúnta Shlavach (an Bhílearúisis, an Bhulgáiris, an Mhacadóinis, an Rúisis, an tSeirbis agus an Úcráinis) chomh maith le cuid mhór de na teangacha eile a labhraítear i dtíortha an iar-Aontais Shóivéadaigh, san Áise agus in Oirthear na hEorpa. Cuireadh leaganacha den aibítir seo i bhfeidhm ar go leor teangacha san Aontas Sóivéadach, ach tá cuid mhór acu ag éirí aisti ar na saolta seo.
А /a/ | Б /b/ | В /v/ | Г /ɡ/ | Д /d/ | Е /je/ | Ё /jo/ | Ж /ʐ̻/ | З /z/ | И /i/ | Й /i̯/ |
К /k/ | Л /l/ | М /m/ | Н /n/ | О /o/ | П /p/ | Р /r/ | С /s/ | Т /t/ | У /u/ | Ф /f/ |
Х /h/ | Ц /ts/ | Ч /tɕ/ | Ш /ʂ̻/ | Щ /ɕː/ | Ъ // | Ы /ɨ/ | Ь / ʲ/ | Э /e/ | Ю /ju/ | Я /ja/ |
Cineál | córas scríofa, aibítir, bicameral script (en) agus script nádúrtha |
---|---|
Teangacha | aibítir Choireallach |
Cruthaitheoir | Cléimeans Ohridski, Naomh Naum agus Constaintín as Preslav |
Cruthú | 9 haois |
Bunaithe ar | an aibítir Ghréagach |
Eapainmneach | Naomh Coireall |
ISO 15924 | Cyrl (220) |
Treo téacs | clé go deas |
Raon Unicode | U+0400-04FF, U+0500-052F, U+1C80-1C8F, U+2DE0-2DFF agus U+A640-A69F |
Léarscáil dáileacháin | |
Is é an leagan thuas an ceann a úsáidtear leis an Rúisis a scríobh. Bíonn miondifríochtaí idir é agus na leaganacha den aibítir a úsáideann na teangacha eile.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.