From Wikipedia, the free encyclopedia
Aerfort is ea Aerfort na Sionainne. Tá sé suite ar inbhear na Sionna i gContae an Chláir i Rinn Eanna, 15km ó Chathair Luimnigh.
Aerfort na Sionainne | |||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| |||||||||||||||||||||||
Ainmnithe in ómós | Sionainn | ||||||||||||||||||||||
Sonraí | |||||||||||||||||||||||
Cineál | Aerfort idirnáisiúnta agus aeradróm tráchta tráchtála | ||||||||||||||||||||||
Foirgníocht | 1942 | ||||||||||||||||||||||
Áit ar a bhfreastalaíonn an mol iompair | Luimneach | ||||||||||||||||||||||
Tréith | |||||||||||||||||||||||
Staid úsáide | in úsáid | ||||||||||||||||||||||
Airde os cionn na farraige | 46 ft | ||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||
Suíomh geografach | |||||||||||||||||||||||
Limistéar riaracháin | Sionainn, Éire | ||||||||||||||||||||||
| |||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | |||||||||||||||||||||||
Úinéir | Rialtais na hÉireann | ||||||||||||||||||||||
Oibreoir | Shannon Development (en) | ||||||||||||||||||||||
Cuairteoirí | 1,418,084 (2022) | ||||||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin oifigiúil | shannonairportgroup.ie | ||||||||||||||||||||||
Aerfort idirnáisiúnta is ea é, agus eitiltí uaidh go dtí Meiriceá chomh maith leis an Eoraip. Tá an t-aerfort in ann déileáil le suas le 5000 paisinéir in aghaidh an lae.
Bhí tábhacht mór leis an aerfort sna 1940idí - 1960idí, mar go raibh an aerfort ar na cinn is gaire san Eoraip do Mheiriceá Thuaidh.
D'fhás an aerthrácht trasatlantach le linn an chogaidh agus ba é cósta thiar na hÉireann an áit Eorpach ba chóngaraí do Mheiriceá Thuaidh.
Thuirling na báid eitilte idir Sasana agus SAM i bhFaing[1], 30km siar ar Bhéal na Sionainne agus, níos déanaí, na heitleáin i Rinn Eanaigh (anois Aerfort na Sionainne), 25km siar ar an mbruach thuaidh.
Osclaíodh an t-aerfort ar 14 Meán Fómhair 1945. Osclaíodh an chéad siopa saor ó cháin ar domhain ann sa bhliain 1948 chun freastail ar phaisinéirí a bhí ar a mbealach idir An Eoraip agus Meiriceá Thuaidh. Fostaíodh mórán oibrithe i seirbhísí nua ar nós áth-bhreoslacháin, deisiú eitleán, meitéareolaíocht, stiúir aerthráchta agus lónadóireacht.
Tógadh baile nua ar a dtugtar An tSionna nó Baile na Sionna faoi rialtas Sheáin Lemass. Rinn Eanna a bhí ar an mbaile fearainn seo i gContae an Chláir roimhe sin. Bhí tógáil an bhaile ceangailte le tógáil Aerfort na Sionna, agus ar ndóigh tugann an aerfort fostaíocht dona lán de mhuintir an bhaile i gcónaí. Bhí 9,673 duine ina gcónaí sa bhaile sa bhliain 2011.
Tugann an t-aerfort fostaíocht dona lán de mhuintir sa cheantar. Mar sin, b'ábhar conspóide é in Éirinn (go háirithe san iardheisceart) nuair a d'fhógair Aer Lingus i mí Lúnasa, 2007, go raibh sé ag bogadh a chuid eitiltí idir Aerfort na Sionainne agus Aerfort Heathrow i Londain go dtí Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste, áit atá siad ag bunú mol nua don aerlíne. I mí Aibreáin 2009 thosaigh Aer Lingus ag eitilt chuig Heathrow ó Aerfort na Sionainne arís de bharr mórán conspóide.
Is príomhbhóthar náisiúnta é an N19, ón N18 (Luimneach-Inis-Gaillimh), go dtí an tAerfort. Téann cúrsa N18 trí Inis, agus tá sé cóngarach d'Aerfort na Sionainne freisin.Bíonn trácht as Gaillimh agus Luimneach go Aerfort na Sionainne ar an N18 agus N19 agus mealltar roinnt turasóireacht ghinearálta freisin.
Aerlínte | Ceannphointí |
---|---|
Aer Lingus | Baile Átha Cliath, Boston, Londain-Heathrow, Nua Eabhrac-JFK |
Air Transat | Torontó-Pearson [séasúrach] |
Continental Airlines | Newark |
Delta Air Lines | Nua Eabhrac-JFK [séasúrach] |
Ryanair | Dún Éideann, Learpholl, Londain-Gatwick, Londain-Stansted, Málaga, Nantes [séasúrach], Palma de Mallorca [séasúrach], Páras-Beauvais, Tenerife-South, Wrocław |
Thomson Airways | Lanzarote [ag tosú 3 Bealtaine; séasúrach], Palma de Mallorca [ag tosú 4 Bealtaine; séasúrach] |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.