Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924
From Wikipedia, the free encyclopedia
Achtaíodh an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1924. ar an 11 Meitheamh 1924.[1] Mar sin, cuireadh córas cúirteanna agus córas breithiúnach an lae inniu ar bun sa Stát.[2] Bhain an stáit a neamhspleáchas amach le gairid.[3]
Ó thaobh na praiticiúlachta de, tharla go raibh roinnt de na hathruithe ba thábhachtaí ag leibhéal íseal,
- trí bhreithiúna gairmiúla a thabhairt isteach sa Chúirt Dúiche ar bhonn buan (in áit na giúistíseachta a bhí ann roimhe sin) agus
- trí Chúirt Chuarda a chruthú in áit na gCúirteanna Ceathrú Seisiúin agus na Cúirte Contae a bhíodh ann.
San Acht seo, glacadh leis an gcomhairle, den chuid is mó, a thug coiste a raibh Séamas Mac Cathmhaoil, 1ú Bharún Lann Abhaigh, ina chathaoirleach air (bhí sé ina Chathaoirleach ar Sheanad Éireann ag an am céanna).
Osclaíodh na hUaschúirteanna nua go hoifigiúil ag Caisleán Bhaile Átha Cliath ar 11 Meitheamh 1924.[4]
Sa bhliain chéanna, athainmníodh an Roinn um Ghnóthaí Dúiche mar an Roinn Dlí agus Cirt faoin Acht Airí agus Rúnaithe, 1924.