Acht Bunreachta (Leasú Uimhir 16), 1929
From Wikipedia, the free encyclopedia
Rinneadh trí leasú[1] ar Bhunreacht Shaorstát Éireann ar an 14 Bealtaine 1929 (uimhreacha 14-16).[2]
Faoin leasú ba thábhachtaí i measc na dtrí cinn, Leasú Uimhir 16, cuireadh fad ocht mbliana (ó 1930 go dtí 1938) leis an tréimhse inar fhéad an tOireachtas leasuithe a dhéanamh ar an mBunreacht gan iad a chur faoi reifreann an phobail.
Sheas an Chúirt Uachtarach le bailíocht an Achta seo (in ainneoin na breithe easaontaí a thug an Príomh-Bhreitheamh Ó Cinnéide) sa chás The State (Ryan) v Lennon [1935] IR 170.[3]