![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/1/13/UK_road_A1.svg/langga-640px-UK_road_A1.svg.png&w=640&q=50)
A1 (Tuaisceart Éireann)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Príomhbhóthar i dTuaisceart Éireann is ea an A1. Tosaíonn sé i lár Bhéal Feirste thart fá cheathrú míle siar ó Halla na Cathrach. Leanann sé frí dheisceart na cathrach ar Bhóthar Lios na gCearrbhach go Fionn Achaidh, Dún Muirígh, agus ina ndiaidh sin go Cathair Lios na gCearrbach féin.
![]() | |||||||
![]() ![]() | |||||||
Aitheantóir | A1 | ||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Cuid de | Íomhá:Luach ar iarraidh (Bealach Eorpach E1 sa Ríocht Aontaithe) ![]() | ||||||
Cineál | bóthar | ||||||
Fad | 42.5 mi | ||||||
Bealach | |||||||
Stáit | |||||||
Áiteanna trasnaithe | |||||||
Naisc | |||||||
|
Críochnaíonn an cúrsa cóngarach do Bhaile an Chláir i ndeisceart Chontae Ard Mhacha, ag an teorainn le contae na Poblachta, Contae Lú. As sin leanann an bóthar ar aghaidh go Baile Átha Cliath darb ainm an N1.
I láthair na huaire, is é an M1 an t-ainm don mhótarbhealach, a bhfuil ina sheachbhóthar leis an A1 ó lár Bhéal Feirste go Sprucefield, suite míle i ndiaidh Lios na gCearrbhach. As sin go ceann thart fá scór mhíle, tá carrbhealach dúbailte déanta fá choinne mhéid na tráchta ar an bhóthar seo is gnóthaí ar Éire.