Ionsaithe 11 Meán Fómhair
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard a bhí i gceist le hIonsaithe 11 Meán Fómhair (9/11 mar a ghiorraítear uaireanta iad) ná sraith de cheithre ionsaí sceimhlitheoireachta ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, réitithe ag na mbuíon Ioslamach sceimhlitheoireachta al-Qaeda, maidin dé Máirt, 11 Meán Fómhair, 2001.[1] Maraíodh 2,977 duine, gortaíodh níos mó ná 25,000 agus cruthaíodh an iliomad fadhbanna sláinte fadtéarmacha de bharr na n-ionsaithe.[2] Anuas ar sin, rinneadh scrios mhillteach ó thaobh an bhonneagair agus na maoine de, ar chostas thart ar 10 billiún dollar.
Cineál | fuadach eitleáin dúnmharú líonmhar ionsaí sceimhlitheoireachta ionsaí féinmharaithe |
---|---|
Cuid de | sceimhlitheoireacht sna Stáit Aontaithe |
Dáta na bliana | 11 Meán Fómhair 2001 |
Suíomh | Contae Arlington, Virginia Manhattan, New York Shanksville, Pennsylvania (en) |
Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Eagraí | an Araib Shádach |
Sprioc | Ionad Trádála Domhanda, An Peinteagán, Caipeatól na Stát Aontaithe agus An Teach Bán |
Ba chúis leis | District of Columbia Police Coordination Amendment Act of 2001 (en) United States Department of Homeland Security (en) Cogadh san Afganastáin Patriot Act (en) airport security repercussions due to the September 11 attacks (en) No Fly List (en) |
Líon básanna | 2,996 |
Líon gortaithe | 25,000 |
Déantóir na coire | Al-Qaeda |
Arm | airliner (en) |
Codanna | |
Haischlib | #September11, #September11th, #NeverForget, #NeverForget911 agus #911Attack |
D'fhuadaigh naoi sceimhlitheoir déag d'al-Qaeda ceithre eitleán ó aerfoirt éagsúla in iarthuaisceart na Stát Aontaithe agus California mar cheann scríbe ag gach aon cheann acu. Thuairteáil péire díobh ar dhá thúr an Ionaid Trádála Domhanda in Manhattan Íochtar agus leagadh chun talún iad araon taobh istigh de dhá uair an chloig. Dhírigh an 3ú eitleán ar an Peinteagán, ceanncheathrú Roinn Chosanta na tíre, i gContae Arlington, Virginia. Bhí an ceathrú cheann athdhírithe i dtreo Washington, D.C. ag na bhfuadaitheoirí ach is cosúil go bhfuair paisinéirí an eitleáin an ceann is fearr orthu agus thit sé go talamh i ngort sa Stonycreek Township, Pennsylvania.