From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Úránas an seachtú pláinéad ón ngrian sa ghrianchóras. Ba é William Herschel a chonaic é den chéad uair i 1781. Is é Úránas an 3ú pláinéad is mó sa ghrianchóras, i ndiaidh Iúpatair is Satairn.[11]
Úránas | |||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|
Cineál | fathach oighir, pláinéad lasmuigh agus pláinéad lasmuigh | ||||||
Fionnachtaí | William Herschel[1] | ||||||
Dáta fionnachtana | 13 Márta 1781[2], Bath | ||||||
Eapainm | Úránas agus Urania[3] | ||||||
Réad tuismitheora | an Ghrian | ||||||
Réad linbh | Cordelia (en) Ophelia (en) Bianca (en) Cressida (en) Desdemona (en) Juliet (en) Portia (en) Rosalind (en) Cupid (en) Belinda (en) Perdita (en) Puck (en) Mab (en) Miranda Ariel Umbriel Titania Oberon Francisco (en) Caliban (en) Stephano (en) Trinculo (en) Sycorax (en) Margaret (en) Prospero (en) Setebos (en) Ferdinand (en) ε ring (en) β ring (en) ν ring (en) μ ring (en) 5 ring (en) 4 ring (en) 6 ring (en) γ ring (en) λ ring (en) η ring (en) ζ ring (en) α ring (en) δ ring (en) | ||||||
Aois | J2000.0 | ||||||
Sonraí fithiseacha | |||||||
Apaipsis | 3,006,318,143 km | ||||||
Pearaipsis | 2,734,998,229 km (arg (ω): 170.95428) | ||||||
Ais mhór a | 2,870,658,186 km agus 19.18916464 AU[4] | ||||||
Éalárnacht e | 0.04725744[4] | ||||||
Tréimhse fhithiseach P | 84.0205 a agus 30,688.5 d | ||||||
Tréimhse shionodúil | 369.66 d | ||||||
Meán-Aimhrialtacht M | 142.238 °[5] | ||||||
Claonadh i | 0.77263783 ° ↔ éiclipteach[4] 6.48 ° ↔ Solar equator (en) 1.02 ° ↔ invariable plane (en) [4] | ||||||
Fad an nóid éirithigh Ω | 74.01692503 °[4] | ||||||
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |||||||
Fad ón Domhan | 2,600,000,000 km (peirigí) 3,150,000,000 km (apaigí) | ||||||
Ga | meán: 25,362 km[6] meánchiorcal: 25,559 km[6] molach: 24,973 km[6] | ||||||
Trastomhas | 51,118 km[7] | ||||||
Leacú | 0.0229 | ||||||
Méid dhealraitheach (V) | 5.9 (banda V) 5.32 (banda V)[5] | ||||||
Trastomhas uilleach | 3.3 "–4.1 "[8] | ||||||
Achar dromchla | 8,115,600,000 km²[5] | ||||||
Mais | 86,810 Yg | ||||||
Toirt | 68,330,000,000,000 km³[5] | ||||||
Meándlús | 1,271 g/cm³[5] | ||||||
Imtharraingt dromchla | 8.7 m/s²[5] | ||||||
Dronairde (α) | 17h 9m 14.64s[5] | ||||||
Diallas (δ) | -15° -10′ -30″[5] | ||||||
Ailbéideacht | 0.488 (ailbéideacht gheoiméadrach)[5] 0.3 (ailbéideacht Bond)[5] | ||||||
Teocht an dromchla |
| ||||||
Cuid de | grianchóras lasmuigh | ||||||
Le cuid |
Tá trastomhas de 51,000 ciliméadar aige agus glacann sé 84 bliain de chuid an Domhain air turas amháin a dhéanamh timpeall na gréine.
Bíonn sé beagnach 3,000 milliún ciliméadar ón Ghriain de ghnáth. Maireann an lá seacht n-uair an chloig déag.
Tá 27 gealach ar a laghad aige, 5 phríomhghealach ina measc: Miranda, Ariel, Umbriel, Titania, agus Oberon.[11]
Hidrigin is mó atá san atmasféar agus léiríonn na pictiúir a tógadh le teileascóp ardchumhachta Keck II go mbíonn stoirmeacha fíochmhara ar an phláinéad. Cosúil le hlúpatar is Satarn, comhdhéanta as hidrigin is héiliam den chuid is mó, ach cuid mhaith meatáin is amóinia ann freisin. A chroíleacán carraigeach, a bhrat oighreach, a atmaisféar domhain.[11]
De bhrí go bhfuil a theocht chomh híseal, tarlaíonn comhdhlúthú le scamaill meatáin go hard, ach scamaiIl amóinia is uisce ag na leibhéil is lú.
Measann na réalteolaithe anois go bhfuil teocht -167°C ag a dhromchla, ag na moil is an meánchiorcal.
Is é an meatán gásach go hard san atmaisféar a ionsúnn solas dearg agus a chuireann dath glas ar an bpláinéad. Níl aon fhoinse teasa air, agus mar sin, teasfhuinneamh ón nGrian is a rothlú tapa is cúis leis an imshruthú san atmaisféar air.
Tá fáinní timpeall ar an phláinéad mar atá ar Satarn. Naoi bhfáinne chiorclach aige, déanta as meatán reoite atá thart air, meastar. Trí bhíthin imoibríthe le radaíocht ultraivialait, cumtar comhdhúile carbóin sna fáinní.
Tá Úránas claonta ar a thaobh timpeall 90 céim. Ní rothlaíonn sé thart ar ais atá gar do bheith ingearach le plána a fhithise: roIlann sé ina fhithis ionas nach bhfuil lá is oiche go rialta i ndiaidh a chéile ann in aon chor.
Is é 1 7.2 uair a thréimhse rothlaithe, agus 84.01 bliain tréimhse a fhithise.
Ar 13 Márta 1781, tháinig William Herschel ar an phláinéad Úránas”, an chéad phláinéad a thángthas air ón chianaois. Agus é ag tabhairt faoi shuirbhéireacht ar na réaltaí, thug Herschel faoi deara go raibh rud ag bogadh os comhair na réaltaí. Ar dtús, shíl sé gur cóiméad a bhí ann.
Ach níos moille, agus níos mó staidéir déanta air, tuigeadh gur pláinéad a bhí ann, agus tugadh an t-ainm Úránas air, in ómós do cheann de sheandéithe na Gréige. Ba é an réalteolaí Gearmánach Johann Bode a bhaist Úránas mar ainm air, dia na spéire anallód.
I miotaseolaíocht na tíre sin, dia na spéire ab ea Úránas, a bhí pósta le Gáia, bandia an talaimh, agus ba iad na Tíotáin an chlann a bhí acu.[12]
Pictiúir a thóg an spásárthach Voyager 2 den phláinéad i 1986 a thug mórchuid dár n-eolas air dúinn.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.