Órang-útan
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ápa é an t-órang-útan, dúchasach do na foraoisí i Sumatra is Boirneo, a fhásann go dtí 1.5 m. Clúdach gann gruaige deirge doinne mosaí air. Siúlann sé ar 4 chos. Réise na ngéag tosaigh níos mó ná 2 m. Bíonn smig mhór dhúbailte ar an ainmhí fásta, agus fillte móra saille mórthimpeall ar aghaidh an fhireannaigh freisin. Codlaíonn sé i gcrainn.[1]