Íosóip
speiceas plandaí / From Wikipedia, the free encyclopedia
Baineann an t-alt seo leis an speiceas Hyssopus officinalis. Má tá spéis agat sna plandaí eile sa ghéineas céanna, a dtugtar “íosóip” orthu go minic, féach Hyssopus.
Fíricí Gasta Hyssopus officinalis, Sonraí ...
Hyssopus officinalis | |
---|---|
Sonraí | |
Is foinse é an tacsón seo de | ola íosóipe |
Planda | |
Cineál an toraidh | nucule (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Lamiales |
Fine | Lamiaceae |
Treibh | Mentheae |
Géineas | Hyssopus |
Speiceas | Hyssopus officinalis L., 1753 |
Dún
Is planda beag tomach ilbhliantúil í an íosóip nó íosóip íceach (Hyssopus officinalis).[1] Tá sí i bhfine na Lamiaceae, is é sin fine na miontas. Fásann sí suas le 60 cm ar airde. Dúchasach do dheisceart na hEorpa agus iarthar na hÁise. Na duilleoga caol, i bpéirí urchomhaireacha; na bláthanna dé-mhaothánach, vialait/gorm, i bhfáinní a dhéanann spící fada scaipthe aontaobhacha. Saothraithe ar dtús mar luibh leighis, ach faightear nádúraithe í uaireanta.[2]