Ícéinigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba treibh Cheilteach iad na hÍcéinigh (Laidin: Iceni) nó hEcéinigh a bhí ina gcónaí i gceantar na Breataine a fhreagraíonn don chontae Norfolk an lae inniu, idir an 1ú haois RC agus an 1ú haois AD. Taobh thiar dóibh bhí cónaí ar na Corieltauvi, agus ó dheas dóibh bhí na Trinovantes agus na Catuvellauni.
Fíricí Gasta Cineál, Comhordanáidí ...
Cineál | treibh agus Roman client kingdoms in Britain (en) ![]() |
---|---|
Comhordanáidí | 52° 30′ N, 1° 00′ E |
Dún
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/89/England_Celtic_tribes_-_South.png/320px-England_Celtic_tribes_-_South.png)
Féadfaidh go raibh na Cenimagni, a ghéill d'Iúil Caesar le linn a dara sluaíocht chun na Breataine sa bhliain 54 BC, ina ghéag de na hÍcéinigh, nó d'fhéadfadh sé gur truailliú a tharla i gcás an ainm Cenimagni agus gur Iceni Magni an leagan ceart, sé sin "Ícéinigh Móra".