Sláinte na bhfear
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard atá i gceist le sláinte na bhfear ná brainse míochaine atá ag teacht chun cinn le blianta anuas chun galair a chuireann isteach ar fhir go príomha a sheachaint is a chóireáil. Tagann cur chun cinn na sláinte i gceist maidir le hailse uiríoch is phrostátach, agus cuidiú le fir stíl beatha shláintiúil le haclaíocht, cothú maith is caitheamh stuama alcóil a bheith acu.
Tagann seachaint taismí is féinmharuithe, cúis mhór báis d'fhir óga, i gceist, agus cóireáil ar neamhoird fhireanna cosúil le héagumas is cailliúint gruaige.[1]