Síceapaite
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar síceapaite ar neamhord pearsantachta a aithnítear ar easpa ionbhá agus coinsiasa chomh maith le drochrialú ríog agus le hiompraíocht ionramhálach. Is é sin, ní féidir leis an síceapatach comhbhá ná trua a ghlacadh leis na daoine eile, ná a chuid spadhar agus taomanna a choinneáil faoi smacht. In áit a bheith ag caidreamh na ndaoine eile ar aon leibhéal leis féin, ní bhíonn sé ach ag glacadh buntáiste orthu. Is minic a úsáidtear an téarma sin "síceapaite" in áit "sochapaite" nó "neamhord frithshóisialta pearsantachta", ach cé go bhfuil an trí riocht intinne seo gaolmhar le chéile, is féidir difríochtaí a aithint eatarthu.
Fíricí Gasta Cineál, Speisialtacht leighis ...
Cineál | tréith phearsantachta agus Neamhord pearsantachta |
---|---|
Speisialtacht leighis | síceolaíocht |
Cliniciúil | |
Mesurat per | Hare Psychopathy Checklist (en) , Levenson Self-Report Psychopathy Scale (en) agus Minnesota Multiphasic Personality Inventory (en) |
Aicmiú | |
CIAP | P80 |
Dún