Réabhlóid na Fraince
From Wikipedia, the free encyclopedia
B'eachtra agus tréimhse an-tábhachtach í Réabhlóid na Fraince (nó Muirthéacht na Fraince) (1789-1799) i stair na Fraince agus stair na hEorpa ó thaobh na polaitíochta agus ó thaobh an tsochaí.
Cineál | imeacht stairiúil réabhlóid |
---|---|
Tréimhse | 14 Iúil 1789 - 9 Samhain 1799 |
Dáta na bliana | 5 Bealtaine 1789 |
Suíomh | an Fhrainc, An Fhrainc |
Tír | an Fhrainc |
Rannpháirtí | |
Croineolaíocht | |
Forghabháil an Bastille | |
September Massacres (en) | |
Execution of Louis XVI (en) | |
Thermidorian Reaction (en) | |
Coup of 18 Fructidor (en) | |
Coup of 30 Prairial Year VII (en) | |
Coup of 18 Brumaire (en) | |
Le cuid | |
Thosaigh tréimhse na réabhlóide sa bhliain 1789 le cruinniú Eastáit Choitianta (États généraux) na Parlaiminte agus le forghabháil an Bastille agus chríochnaigh le coup d'État Napóilean sa bhliain 1799. Chuir an Réabhlóid deireadh leis an monarcacht, leis an seanchliarlathas agus leis na pribhléidí. Sa Déclaration des droits de l'homme et du citoyen fógraíodh cothroime na saoránach de réir an dlí, na bunsaoirsí agus flaitheas an Náisiúin, pobal arbh fhéidir leis é féin a rialú trí theachtaí tofa. Thosaigh imreas fada buan idir lucht cosanta na Réabhlóide agus lucht cosanta an tseanreachta, gan trácht ar an naimhdeas idir frithchléirigh agus an Eaglais Chaitliceach Rómhánach.