Noel Gallagher
ceoltóir agus cumadóir amhrán Sasanach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ceoltóir Sasanach é Noel Thomas David Gallagher (as Gaeilge: Nollaig Tomás Daithí Ó Gallchóir) a rugadh in Longsight Mhanchain ar an 29 Bealtaine 1967. Bhí Gallagher ina phríomhscríbhneoir, príomhghiotáraí agus amhránaí sa ghrúpa rac-cheoil Oasis, banna a bhunaigh sé in éineacht lena dheartháir Liam. Bhain sé rath agus cáil dhomhanda amach leis an mbanna, agus shroicheadar a mbuaic is airde i lár na nóchaidí nuair a bhí Oasis ar an "mbanna is mó ar domhain", mar a deireadh seisean go rialta. Le scaoileadh an albaim Definitely Maybe sa bhliain 1994, ghlac Gallagher ait lárnach i ngluaiseacht cheoil nua ar a dtugtar "Britpop", agus bhain sé sult mór as a cháil nua.
(2022) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Noel Gallagher (en) Noel Thomas Gallagher |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Noel Thomas David Gallagher 29 Bealtaine 1967 56 bliana d'aois Longsight, England |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An tAindiachas |
Teanga dhúchais | Béarla |
Lámhcheannas | Ciotógacht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | giotáraí, amhránaí is scríbhneoir, ceoltóir, amhránaí |
Tréimhse oibre | 1988 – |
Ball de | |
Seánra | Rac-cheol, rac malartach agus popcheol |
Teangacha | Béarla |
Uirlis | Giotár agus ceol gutha |
Lipéad ceoil | Creation Records |
Teaghlach | |
Céile | Meg Mathews (1997–2001) |
Siblín | Liam Gallagher |
Suíomh gréasáin | noelgallagher.com |
Is ceoltóir aonair inniu é, tar éis dó dhroim a thabhairt d'Oasis sa bhliain 2009. Bhunaigh sé an banna: Noel Gallagher's High Flying Birds go gairid ina dhiaidh sin. Scaoileadh a chéad albam in 2011.