Inscríbhinní Oghaim
From Wikipedia, the free encyclopedia
Feictear inscríbhinní oghaim ar leachtanna cuimhneacháin de Cheiltigh na nOileán. Faightear an mhórchuid díobh in iardheisceart na hÉireann, agus thart timpeall an Mhuir Éireann — oirdheisceart na hÉireann, Corn na Breataine, an Bhreatain Bheag agus Oileán Mhanann. Téann siad siar chomh fada leis na 5ú agus 6ú haoiseanna. Is as Gaeilge Chianach a scríobhadh iad go formhór, ach tá cúpla ceann le blúiríní Cruithnise orthu, agus tá Laidin le feiceáil fosta.
Tá tuairim is 400 inscríbhinn a bhfuil eolas orthu. Tá roinnt córas uimhrithe le fáil. Is é an córas is forleithne ná Corpus inscriptionum insularum Celticarum (CIIC), bunaithe ar saothar R. A. S. Macalister. Faightear ann na hinscríbhinní aitheanta faoina 1940í, le 507 iontráil go dtí 1945, san áireamh inscríbhinní Laidine agus Rúnacha, agus trí cinn curtha ann i 1949. Córas eile is ea Celtic Inscribed Stones Project (CISP), bunaithe ar shuíomh na gcloch. Mar shampla, is ionann CIIC 1 agus CISP INCHA/1.
Is féidir na hinscríbhinní a roinnt idir cineálacha "ortadocsacha" agus "scolaíocha". Téann inscríbhinní ortadocsacha siar go dtí ré na Gaeilge Cianaí, agus record a ainm duine, nó ar leac uaighe, sin nó chun seilbh talún a chur in iúl. Téann inscríbhinní scolaíocha siar go dtí ré na Sean-Ghaeilge suas go dtí na linne seo.