Cultúr Iamna
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cultúr de chuid na Coparaoise déanaí agus na Cre-umhaoise luaithe ba ea an cultúr Iamna agus é suite ar an steip Phontach, idir an Bug Deisceartach, an Dniester agus an tUral, 3300-2600 RCh.[1] Tagann an t-ainm óna nós adhlactha: aidiacht Úcráinise is ea Ямна (yamna) a chiallaíonn “pollach” agus dhéanadh na hIamnaigh na mairbh a chur i dtuamanna (curgain) a raibh seomraí simplí istigh iontu.
Is dócha gur fáisceadh muintir an chultúir Iamna as meascán géiniteach de shliocht shealgairí agus bhailitheoirí Oirthear Eorpa[lower-alpha 1] agus de dhaoine a raibh gaol acu le sealgairí agus bailitheoirí ón réigiún Cugais. B’fhánaithe iad, mórán, a raibh taoisigh os a gcionn agus truacailí a lig dóibh tréada móra a aoiriú.
Tá dlúthbhaint acu freisin le cultuir Neoiliteacha Deiridh a scaip ar fud na hEorpa agus na hÁise Lárnaí, go háirithe an tAos Eascra agus an tAos Earraí Cordacha, chomh maith leis na cultúir Sintashta, Andronovo agus Srubnaya.[2] Tá gnéanna den chultúr Iamna le haithint ar na cultúir eile seo – marcaíocht, nósanna adhlactha agus roinnt tréadachais. Tá sé deimhnithe ag staidéir ghéiniteacha gur thóg na cultúir seo cuid mhaith dá sinsearacht ó na steipeanna.[3][4][5]