Central Park
From Wikipedia, the free encyclopedia
Páirc uirbeach i lár Manhattan, i gCathair Nua-Eabhrac, is ea Central Park. Is í an pháirc is mó ráchairte air sna Stáit Aontaithe: thug 40 milliún duine cuairt uirthi sa bhliain 2013, mar shampla. Tá sí ar cheann de na háiteanna is minice in úsáid mar chúlra i scannáin ar domhan.
Central Park | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | Nua-Eabhrac | ||||
Cathair sna Stáit Aontaithe | Nua-Eabhrac | ||||
Borough of New York City (en) | Manhattan | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 341 ha | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1856 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 00083 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | nycgovparks.org… | ||||
Cruthaíodh Central Park sa bhliain 1857 ar 778 acra (315 ha) de thalamh leis an gcathair. Sa bhliain 1858 bhuaigh Frederick Law Olmsted, ailtire tírdhreacha, agus Calvert Vaux, ailtire, comórtas i gcomhair dearadh chun an pháirc a fheabhsú agus a mhéadú. Plean Greensward an t-ainm a chuir siad ar a bplean. Cuireadh tús leis an bplean a chur i bhfeidhm sa bhliain chéanna agus bhí an chéad chuid den pháirc réidh don phobal i ngeimhreadh na bliana 1858. Leanadh ag tógáil na páirce ní ba faide ó dheas le linn an Chogaidh Chathartha sna 1860idí agus bhí 843 acra (341 ha) sa pháirc faoin mbliain 1873.
Tugadh stádas mar Shéadchomhartha Stairiúil Náisiúnta dó sa bhliain 1962.