Úsáideoir:MALA2009/Salvador Dalí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba phéintéir osréalaíoch Catalónach Spáinneach é Salvador Domingo Felipe Jacinto Dalí i Domènech, a bhí ina chéad Mharcas ar Púbol (Bealtaine 11 1904 – Eanáir 23 1989).
Salvador Dalí | |
Salvador Dalí Grianghraf glactha ag Carl Van Vechten 29 Samhain 1939. | |
Ainm Breithe | Salvador Domingo Felipe Jacinto Dalí i Domènech |
Breith | 11 Bealtaine, 1904 Figueres, An Chatalóin, An Spáinn |
Bás | 23 Eanáir, 1989 (84 bliain d’aois) Figueres, An Chatalóin, An Spáinn |
Náisiúntacht | Spáinneach |
Ábhar | Péintéireacht, Líníocht, Grianghrafadóireacht, Dealbhóireacht, Scríbhneoireacht |
Oiliúint | Real Academia de Bellas Artes de San Fernando, Maidrid |
Gluaiseacht | Ciúbachas, Dada, Osréalachas |
Saothair | The Persistence of Memory (1931) Face of Mae West Which May Be Used as an Apartment, (1935) Soft Construction with Boiled Beans (Premonition of Civil War) (1936) Swans Reflecting Elephants (1937) Ballerina in a Death's Head (1939) The Temptation of St. Anthony (1946) Galatea of the Spheres (1952) Crucifixion (Corpus Hypercubus) (1954) |
Ba línitheoir oilte é Dalí arbh iad íomhánna mórthaibhseacha neamhchoinbhinsiúnacha a shaothair a thuill an clú ba mhó dó. Tugtar creidiúintí do thionchar mháistrí na hAthbheochana as ucht a scileanna péintéireachta. Ba sa bhliain 1931 a chríochnaigh sé an saothar is iomráití uaidh The Persistence of Memory. Áirítear ar repertoire leathan ealaíne Dalí an scannánaíocht, an dealbhóireacht, agus an fhótagrafaíocht a rinne sé i gcomhar le líon difriúil ealaíontóirí trí mheáin éagsúla.
Thug Dalí creidiúintí dá ghinealach Arabach as ucht an grá a bhí aige do gach ní mórthaibhseach a raibh an dath óir air, an dúil a bhí aige i sónna an tsaoil agus in éadaí oirthearacha. Mhaígh sé gur de shliocht na Múrach iad a shinsearaigh.
Bhí sé luaite leis go forleathan go raibh bua mór na samhlaíochta aige, agus ba mhór aige é féin a iompar go neamhghnách chun aird a tharraingt air féin. Uaireanta chuir sé sin isteach orthu siúd a raibh grá acu dá shaothar mar aon lena léirmheastóirí, óir ba mhinic a tharraing a iompar éalárnach ní ba mhó airde air ná mar a tharraing a chuid saothar.