Úsáideoir:MALA2009/Leabhar Cheanannais
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is lámhscríbhinn dhathmhaisithe i Laidin é Leabhar Cheanannais (Béarla: Book of Kells) (Baile Átha Cliath, Leabharlann Choláiste na Trionóide, LS A.I. (58), ar a dtugtar Leabhar Cholm Cille uaireanta) ina bhfuil ceithre Shoiscéal an Tiomna Nua, mar aon le réamhthéacsanna agus táblaí éagsúla. Scríobh manaigh Cheilteacha amach é thart ar an mbliain 800. Díorthaíodh téacs na Soiscéal ón Vulgáid den chuid is mó, cé go gcuimsítear roinnt sleachta ó luathleaganacha an Bhíobla ar a ngairtear an Vetus Latina chomh maith. Is máistirshaothar é de challagrafaíocht Iartharach agus seasann sé do bhuaic an dathmhaisithe Oileánaigh. Ceaptar go forleathan freisin gurb é an tseoid náisiúnta is fearr in Éirinn é.
Tá léaráidí agus maisiú Leabhar Cheanannais níos fearr ná Soiscéil Oileánacha eile ó thaobh na fairsinge agus na castachta de. Sa mhaisiú, feictear teaglaim d’íocónagrafaíocht thraidisiúnta Chríostaí agus móitífeanna ornáideacha guairneánacha is gnách don ealaín Oileánach. Cuirtear beocht le leathanaigh na lámhscríbhinne le fíoracha daoine, ainmhithe agus béisteanna miotasacha, chomh maith le snaidhmeadh casta agus le patrúin dualaíochta ar dhathanna beoga. Tá cuid mhaith de na gnéithe beaga maisiúla sin lán de shiombalachas Críostaí agus cuireann siad tuilleadh béime ar théamaí na mórléaráidí dá bharr.
Tá 340 fóilió i gceist leis an lámhscríbhinn anois, agus tá sí faoi cheangal i gceithre imleabhar ón mbliain 1953. Is ar phár lao ar ardchaighdeán atá na duilleoga, agus cuimsítear sa mhaisiú mionsaothraithe gan fasach deich léaráid lánleathanaigh agus leathanaigh téacs atá beo le túslitreacha historiated agus le mionsamhlacha idirlíneacha. Sonraíonn siad buaic na gcáilíochtaí frithchlaisiceacha agus bríomhara d’ealaín Oileánach. Dealraítear gur saothar triúr scríobhaithe éagsúla ar a laghad é mórscript Oileánach an téacs féin. Tá an litreoireacht scríofa i ndúch iaranngháil, agus tháinig na dathanna a úsáideadh ó réimse fhairsing substaintí. Cuid mhór de na substaintí seo, rinneadh iad a thabhairt isteach sa tír ó thíortha i bhfad i gcéin.
Tá an lámhscríbhinn ainmnithe as an mainistir i gCeanannas ina raibh sí ar feadh na gcéadta. Tá sí ar taispeáint bhuan i leabharlann Choláiste na Tríonóide anois i mBaile Átha Cliath, Éire. De ghnáth, cuireann an leabharlann dhá cheann de na ceithre imleabhar reatha ar taispeáint i ndiaidh a chéile – ceann amháin acu ag léiriú mórléaráide agus an ceann eile ag léiriú gnáthleathanach téacs.